SÉADNA.

CAIBIDIL A hAON.

Cois na tine. Peig, Nóra, Gobnait, Síle bheag, agus Cáit Ní Bhuachalla.

Nóra.—A Pheig, inis scéal dúinn.

Peig.—B’ait liom san! Inis féin scéal.

Gobnait.—Níl aon mhaith inti, a Pheig. B’fhearr linn do scéalsa.

Síle.—Dein, a Pheig, agus beimid an-shocair.

Peig.—Nach maith nár fhanais socair aréir, nuair a bhí “Madra na nOcht gCos” agam dá insint!

Síle.—Mar sin ní stadfadh Cáit Ní Bhuachalla ach am priocadh.

Cáit.—Thugais d’éitheach! Ní rabhas-sa ad phriocadh, a chaillichín!

Gobnait.—Ná bac í féin, a Cháit. Ní raibh éinne á priocadh ach í á ligeant uirthi.

Síle.—Do bhí, is dóin; agus mura mbeadh go raibh, ní liúfainn.

Nóra.—Abair le Peig ná liúfair anois, a Shíle, agus ‘neosaidh sí scéal dúinn.

Síle.—Ní liúfad, a Pheig, pé rud a imeoidh orm.

Peig.—Más ea, suigh anso i m’aice, i dtreo ná féadfaidh éinne thú phriocadh a gan fhios dom.

Cáit.—Bíodh geall go bpriocfaidh an cat í. A thoice bhig, bheadh scéal breá againn mura mbeadh tú féin agus do chuid liúirí.

Gobnait.—Éist, a Cháit, nó cuirfir ag gol í, agus beimid gan scéal. Má curtar fearg ar Pheig ní ‘neosaidh sí aon scéal anocht. Sea anois, a Pheig, tá gach éinne ciúin ag brath ar scéal uait.

Peig.—Bhí fear ann fadó agus is é ainm a bhí air ná Séadna. Gréasaí ab ea é. Bhí tigh beag deas cluthar aige ag bun cnoic, ar thaobh na fothana. Bhí cathaoir shúgáin aige do dhein sé féin dó féin, agus ba ghnáth leis suí inti um thráthnóna, nuair a bhíodh obair an lae críochnaithe, agus nuair a shuíodh sé inti bhíodh sé ar a shástacht. Bhí mealbhóg mine aige ar crochadh in aice na tine, agus anois agus arís chuireadh sé a lámh inti agus thógadh sé lán a dhoirn den mhin, agus bhíodh sé á cogaint ar a shuaimhneas. Bhí crann úll ag fás ar an dtaobh amuigh de dhoras aige, agus nuair a bhíodh tart air ó bheith ag cogaint na mine, chuireadh sé lámh sa chrann san agus thógadh sé ceann desna húllaibh, agus d’itheadh sé é.

Síle.—Ó, a thiarcais, a Pheig, nár dheas é!

Peig.—Cé acu an chathaoir nó an mhin nó an t‑úll ba dheas?

Síle.—An t‑úll, gan amhras!

Cáit.—B’fhearr liomsa an mhin. Ní bhainfeadh an t‑úll an t‑ocras de dhuine.

Gobnait.—B’fhearr liomsa an chathaoir, agus chuirfinn Peig ina suí inti, ag insint na scéal.

Peig.—Is maith chun plámáis thú, a Ghobnait.

Gobnait.—Is fearr chun na scéal tusa, a Pheig. Conas d’imigh le Séadna?

Peig.—Lá dá raibh sé ag déanamh bróg, thug sé fé ndeara ná raibh a thuilleadh leathair aige, ná a thuilleadh snáithe, ná a thuilleadh céarach. Bhí an taoibhín déanach suas agus an greim déanach curtha, agus níorbh fholáir dó dul agus ábhar do sholáthar sula bhféadfadh sé a thuilleadh bróg a dhéanamh. Do ghluais sé ar maidin, agus bhí trí scillinge ina phóca, agus ní raibh sé ach míle ón dtigh nuair a bhuail duine bocht uime, a d’iaraidh déirce.

“Tabhair dhom déirc ar son an tSlánaitheora agus le h‑anaman na marbh, agus tar cheann do shláinte,” arsan duine bocht.

Thug Séadna scilling dó, agus ansan ní raibh aige ach dhá scilling. Dúirt sé leis féin go mb’fhéidir go ndéanfadh an dá scilling a ghnó. Ní raibh sé ach míle eile ó bhaile nuair a bhuail bean bhocht uime agus í cos-nochtaithe.

“Tabhair dhom cúnamh éigin,” ar sise, “ar son an tSlánaitheora, agus le hanaman do mharbh, agus tar cheann do shláinte.”

Do ghlac trua dhí é, agus thug sé scilling di, agus d’imigh sí. Do bhí aon scilling amháin ansan aige, ach do chomáin sé leis, ag brath air go mbuailfeadh seans éigin uime a chuirfeadh ar a chumas a ghnó a dhéanamh. Níorbh fhada gur casadh air leanbh agus é ag gol le fuacht agus le hocras. “Ar son an tSlánaitheora,” arsan leanbh, “tabhair dhom rud éigin le n‑ithe.”

Bhí tigh ósta i ngar dóibh, agus do chuaigh Séadna isteach ann, agus cheannaigh sé bríc aráin agus thug sé chun an linbh é. Nuair a fuair an leanbh an t‑arán d’athraigh a dhealbh. D’fhás sé suas in‑airde, agus do las solas iontach ina shúilibh agus ina cheannachaibh, i dtreo go dtáinig scanradh ar Shéanna.

Síle.—Dia linn! a Pheig, is dócha gur thit Séadna bocht i laige.

Peig.—Níor thit; ach más ea, ba dhícheall dó. Chomh luath agus d’fhéad sé labhairt, dúirt sé:–

“Cad é an saghas duine thusa?” Agus is é freagra a fuair sé:—

“A Shéanna, tá Dia buíoch díot. Aingeal is ea mise. Is mé an tríú h‑aingeal gur thugais déirc dó inniu ar son an tSlánaitheora. Agus anois tá trí ghuí agat le fáil ó Dhia na glóire. Iar ar Dhia aon trí ghuí is toil leat, agus gheobhair iad. Ach tá aon chomhairle amháin agamsa le tabhairt duit.—Ná dearúd an Trócaire.”

“Agus an ndeirir liom go bhfaighead mo ghuí?” arsa Séadna.

“Deirim, gan amhras,” arsan t‑aingeal.

“Tá go maith,” arsa Séadna. “Tá cathaoir bheag dheas súgáin agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagann isteach, ní foláir leis suí inti. An chéad duine eile a shuífidh inti, ach mé féin, go gceanglaí sé inti!”

“Faire, faire, a Shéanna,” arsan t‑aingeal; “sin guí breá imithe gan tairbhe. Tá dhá cheann eile agat, agus ná dearúd an Trócaire.”

“Tá,” arsa Séadna, “mealbhóigín mine agam sa bhaile, agus an uile dhailtín a thagann isteach, ní foláir leis a dhorn a shá inti. An chéad duine eile a chuirfidh lámh sa mhealbhóig sin, ach mé féin, go gceanglaí sé inti, féach!”

“Ó, a Shéanna, a Shéanna, níl fasc agat,” arsan t‑aingeal. “Níl agat anois ach aon ghuí amháin eile. Iar Trócaire Dé do d’anam.”

“Ó, is fíor dhuit,” arsa Séadna, “ba dhóbair dom é dhearúd. Tá crann beag úll agam i leataoibh mo dhorais, agus an uile dhailtín a thagann an treo, ní foláir leis a lámh do chur in airde agus úll do stathadh agus do bhreith leis. An chéad duine eile, ach mé féin, a chuirfidh lámh sa chrann san, go gceanglaí sé ann!—Ó! a dhaoine!” ar seisean, ag scairteadh ar gháirí, “nach agam a bheidh an spórt orthu!”

Nuair a tháinig sé as na trithíbh, d’fhéach sé suas agus bhí an t‑aingeal imithe. Dhein sé a mhachnamh air féin ar feadh tamaill mhaith. Fé dheireadh thiar thall, dúirt sé leis féin: “Féach anois, níl aon amadán in Éirinn is mó ná mé! Dá mbeadh triúr ceangailte agam um an dtaca so, duine sa chathaoir, duine sa mhealbhóig, agus duine sa chrann, cad é an mhaith a dhéanfadh san domsa agus mé i bhfad ó bhaile, gan bia, gan deoch, gan airgead?”

Ní túisce a bhí an méid sin cainte ráite aige ná a thug sé fé ndeara os a chomhair amach, sa n‑áit ina raibh an t‑aingeal, fear fada caol dubh, agus é ag glinniúint air, agus tine chreasa ag teacht as a dhá shúil ina spréachaibh nimhe. Bhí dhá adhairc air mar bheadh ar phocán gabhair; agus meigeall fada liathghorm garbh air, eireaball mar a bheadh ar mhadra rua, agus crúb ar chois leis mar chrúb thairbh. Do leath a bhéal agus a dhá shúil ar Shéanna, agus do stad a chaint. I gceann tamaill do labhair an Fear Dubh.

“A Shéanna,” ar seisean, “ní gá dhuit aon eagla do bheith ort romhamsa. Nílim ar tí do dhíobhála. Ba mhian liom tairbhe éigin a dhéanamh duit, dá nglacfá mo chomhairle. Do chloiseas thú, anois beag, á rá go rabhais gan bia, gan deoch, gan airgead. Thabharfainnse airgead do dhóthain duit ar aon choinníoll bheag amháin.”

“Agus greadadh tré lár do scairt!” arsa Séadna, agus tháinig a chaint dó; “ná féadfá an méid sin do rá gan duine do mhilleadh led’ chuid glinniúna, pé hé thú féin?”

“Is cuma dhuit cé hé mé, ach bhéarfad an oiread airgid duit anois agus cheannóidh an oiread leathair agus choimeádfaidh ag obair thú go ceann trí mbliain ndéag, ar an gcoinníoll seo—go dtiocfair liom an uair sin.”

“Agus má réidhtighim leat, cá raghmaoíd an uair sin?”

“Cá beag duit an cheist sin do chur nuair a bheidh an leathar ídithe agus bheimid ag gluaiseacht?”

“Táir géarchúiseach. Bíodh agat. Feiceam an t‑airgead.”

“Táirse géarchúiseach. Féach!”—do chuir an Fear Dubh a lámh ina phóca agus tharraing sé amach sparán mór, agus as an sparán do lig sé amach ar a bhais carn beag d’ór bhreá bhuí.

“Féach!” ar seisean, agus shín sé a lámh agus chuir sé an carn de phíosaíbh gleoite gléineacha suas fé shúilibh Shéanna bhoicht. Do shín Séadna a dhá láimh, agus do leathadar a dhá ladhar chun an óir.

“Go réidh!” arsan Fear Dubh, ag tarrang an óir chuige isteach. “Níl an margadh déanta fós.”

“Bíodh ina mhargadh,” arsa Séadna.

“Gan teip?” arsan Fear Dubh.

“Gan teip,” arsa Séadna.

“Dar bhrí na mionn?” arsan Fear Dubh.

“Dar bhrí na mionn,” arsa Séadna.