Tá tamall fad anois a bhí fear ina chónaí i mbaile mór Chorcaí. Fear saibhir agus ceannaí farraige ab ea é. Do bhíodh loingeas ag teacht thar lár chúige. Do bhí aon iníon amháin aige gurb é an ainm a bhí uirthi Máire Bhán. Do shíl sí an ainm sin mar ní raibh sí sa bhaile mhór aon chailín comh deas comh maorga léi. Ní raibh éinne clainne aige ina muintir ach í agus do mhéadaigh sin urraim agus grá na ndaoine don iníon óg so.

Ba ghnáthach léi captaen óg loinge teacht ar cuairt go tigh an cheannaí go minic agus bhíodh sé an-cheanúil ar Mháire bhán. Bhí Máire ag titim i ngrá leis i gan fhios di féin. Nuair a imíodh sé ón gcuan bhíodh uaigneas agus díomá an domhain uirthi ach ní bhíodh fhios aici cad é an fáth. Ní raibh aon fhear óg uasal timpeall ná go raibh é tnúth le Máire Bhán i dháil le pósadh ach ní raibh aon mhaith dena bheith á lorg. Ní phósadh sí aon fhear ach a captaen óg. Níor mhaith lena muintir í (a) thabhairt le pósadh dósan. Do b’fhearr leo í a bheith ina gcóngar féin. D’fhan Máire blianta gan pósadh. Deireadh sí ina haigne féin “dá bheadh m’athair bás bheadh sé ar mo chumas mo reogha fear a phósadh.”